LÉIRITHE

FÍSEÁIN





An Braon Anios

‘Salamandar de chic do dhrámaíocht na Gaeilge!’Foinse 

 

NÓRA: Bhfuil tú ag éisteacht liom ar chor ar bith? Tá an teach báite, a deirim. Tá an taoile isteach an doras orainn. Breathnaigh!

MICIL: Sea sea sea. Tá sé cloiste míle uair cheana agam, “ceithre horlaigh uisce ar an tsráid agus poll ar an Ósón Léar” - is gearr gur i bpoll a bheas mé fhéin agat!

NÓRA: A Mhicil!

MICIL: Tá mé ag éirí... Ó? Tá an bháisteach stoptha. A Nóra! A Nóra! Cé scaoil an t-uisce? Tá an t-urlár báite! Tá an t-urlár báite, a deirim. A Nóra!

Sa dráma dorcha grinn seo le Darach Ó Scolaí, de réir mar atá an taoile ag éirí ar Mhicil is Nóra déantar plé ar cheisteanna móra an tsaoil: ardú na farraige agus cúlú na Gaeltachta, mná tí cantalacha agus coláistí samhraidh, Osama bin Laden agus an tÓsón Léar, agus, dár ndóigh, an GRÁ.

Eolas faoin scríbhneoir

Páirteach in An Braon Aníos bhí Peadar Ó Treasaigh, Pádraic Ó Tuairisc, Sorcha Ní Chéide, Sinéad Ní Fhlatharta agus Áine Ní Dhroighneáin. Is é Darach Ó Scolaí a stiúraigh.

Tuilleadh Eolais faoin dráma

Tá script An Braon Aníos ar fáil anois ó na foilsitheoirí Leabhar Breac, agus í ar fáil anois ó shiopaí maithe leabhar ar fud na tíre.

Eolas faoin leabhar