Cé Muid Féin?
Compántas nua drámaíochta é Salamandar atá lonnaithe san Iarthar, agus atá ag freastal
ar an tír ar fad. Dhá dhráma atá léirithe ag Salamandar go dtí seo, 'An Braon Aníos'
agus 'Craos', agus tá cuairt tugtha go dtí seo againn ar Ghaillimh (An Town Hall
Theatre agus Áras na nGael), Baile Átha Cliath (an Project Arts Centre agus an New
Theatre), Béal Feirste (an Chultúrlann), Corcaigh, Corca Dhuibhne (Halla na Feothanaí),
Ráth
Cairn, Corr na Móna, Inis Oírr, Indreabhán, Eanach Mheáin agus
Ros Muc.

Tá sé d’aidhm ag an gcompántas bonn nua a chur faoin drámaíocht ghairmiúil sa Ghaeilge;
struchtúr buan a chur ar fáil don tallann aisteoireachta, léiritheoireachta is scríbhneoireachta
atá againn sa Ghaeilge; scripteanna nua a choimisiúnú agus a léiriú go gairmiúil
ar ardchaighdeán; drámaí a léiriú don phobal Gaeilge (atá scaipthe go mór idir Gaeltacht
agus Galltacht); agus fostaíocht a chur ar fáil d’aisteoirí gairmiúla na Gaeilge.
Compántas neamhspleách atá i Salamandar, gan ceangal le haon amharclann ar leith,
ach iad ag baint úsáid as na hamharclanna is as na hallaí éagsúla atá ar fáil cheana
féin timpeall na tíre.
Ceann de na dúshláin is mó atá roimh an gcompántas nua, foireann bhuan léirithe
a chruinniú, agus gaol a chothú le hamharclanna i ngach cúinne den tír, ionas go
mbeidh an compántas in ann camchuairteanna rialta a dhéanamh ó cheann ceann na tíre.